2 Corantaigh 1:1-24
1 Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d’eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.
2 Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3 Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile.
4 Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia.
5 Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna.
6 Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin.
7 Agus tá bonn maith lenár ndóchas asaibh, de bhrí go dtuigimid, ó tá sibh páirteach inár bpianta, go mbeidh sibh i bpáirt linn sa sólás chomh maith.
8 Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide.
9 Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh.
10 Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo
11 ach sibhse a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhórán.
12 Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
13 Ní chuirimid aon ní síos inár litreacha chugaibh thar an méid a léann sibh iontu nó a thuigeann sibh astu.
14 Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse.
15 Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh
16 is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia.
17 An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir meon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn “sea” ina “ní hea” agam?
18 Dar Dia dílis ní raibh aon “sea” agus “ní hea” inár dteachtaireacht chugaibhse.
19 Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn—agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid—ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”
20 mar is é an “sea” scoir é ar a bhfuil geallta ag Dia. Sin é an fáth freisin gur trídsean a deirimid ár “nAmen” chun glóire Dé.
21 Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibhse araon i gCríost; is é a d’ung sinn
22 agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí.
23 Dearbhaím daoibh ar m’anam i bhfianaise Dé gur d’fhonn gan goilliúint oraibh a d’fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.
24 Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.