Apacailipsis 1:1-20

1  Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d’Eoin a sheirbhíseach;  thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.  Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.  Eoin chun na seacht n-eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach  agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,  agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.  Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.  “Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.  Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. 10  Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, 11  á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.” 12  D’iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir, 13  agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. 14  Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, 15  agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána. 16  Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh. 17  Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; 18  ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam. 19  Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. 20  Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n-eaglaisí.

Fonótaí