Salm 110:1-7

Salm Dháiví. 110  D’fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:“Bí i do shuí ar mo dheisgo gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”  Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachtaas Síón amach.Bí ag rialú i measc do naimhde.  Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithear na sléibhte naofa;is leat [an ríogacht ó fhíorthús d’óige].  Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:“Is sagart tú go bráchde réir ord Mheilcizidic.”  Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.  Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,déanfaidh sé carn de chonablaigh;brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.  Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Fonótaí