Salm 126:1-6

Amhrán Oilithreach. 126  Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais,ba chosúil le lucht aislinge sinn.  Líon ár mbéal le gáire,agus ár dteanga le gairdeas.Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha:“Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.”  Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn;bhí áthas orainn go deimhin.  Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,mar shruthanna sa Neigib.  An dream a chuireann síol le deora,bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.  Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach,ag iompar síl chun a scaipthe.Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas,agus a bpunanna á n-iompar acu.

Fonótaí