Salm 129:1-8

Amhrán Oilithreach. 129  Is minic a crádh mé ó m’óige;abradh Iosrael anois:  Is minic a crádh mé ó m’óige,ach ní dhearnadh mo threascairt.  Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim;rinne siad a gclaiseanna fada.  Ach ghearr an Tiarna fíréantacordaí na n-éagráifeach.  An dream ar fuath leo Síón,go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.  Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí,a sheargann sula sceitheann sé;  nach líonann an buanaí a lámh leis,ná an fear ceangail a bhrollach.  Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí“Bail ó Dhia ar an obair!Beannaímid sibh in ainm an Tiarna;anois agus choíche!”

Fonótaí