Salm 132:1-18

Amhrán Oilithreach. 132  Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví,agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,  ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna,ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:  “Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí;ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.  Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile;ná codladh do rinn mo rosc  nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna,teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”  Chualamar trácht air, féach, in Eafrát;agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.  “Téimis isteach ina áras;agus adhraimis ag stóilín a chos.”  Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,tú féin agus áirc do mhaorgachta.  Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach. 10  Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,ná diúltaigh don té a d’ung tú. 11  Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,briathar daingean nach rachaidh sé siar air:“Is é mac do cholainne féina chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga. 12  Má choimeádann do chlann mo chonradh,agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh,beidh a gclann siúd freisin go bráchina suí ar do chathaoir ríoga.” 13  Óir roghnaigh an Tiarna Síón;is é ba rogha leis mar áras dó féin. 14  Is é seo áit mo shuaimhnis go brách;bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh. 15  Beannóidh mé le flúirse bia é;tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta. 16  Gléasfaidh mé a shagairt le slánú,agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach. 17  [132:17a] Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví;réiteoidh mé lóchrann do m’ungthach. 18  [132:17b] Clúdóidh mé a naimhde le náire,ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.

Fonótaí