Salm 145:1-21

Moltaí Dháiví. 145  Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí;agus molfaidh mé d’ainm trí shaol na saol.  Molfaidh mé thú in aghaidh an lae;agus molfaidh mé d’ainm trí shaol na saol.  Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é;ní féidir a mhórgacht a mhionransú.  Fógrófar d’oibreacha ó ghlúin go glúinagus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.  Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta;agus inseofar d’éachtaí iontacha.  Labhrófar faoi do bhearta uafásacha;beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.  Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa;agus déanfar d’fhíréantacht a chanadh go háthasach.  Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach,mall chun feirge, agus lán de thrua.  Is grámhar an Tiarna le gach aon neach;tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé. 10  Ceiliúrfaidh d’oibreacha uile thú, a Thiarna;agus beannóidh do dhaoine dílse thú. 11  Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;agus foilseoidh siad uile do chumhacht, 12  ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoineagus niamhracht agus glóir-réim do ríochta. 13  Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,agus do cheannas go brách na breithe.Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir. 14  Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár. 15  Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa;agus tugann tú bia dóibh in am trátha. 16  Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas. 17  Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;agus is naofa é ina oibreacha go léir. 18  Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,dá ngaireann air go fírinneach ó chroí. 19  Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu. 20  Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir. 21  Go gcana mo bhéal moladh an Tiarnaagus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;go brách agus go síoraí suthain.

Fonótaí