Salm 70:1-5
Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.
70 [70:2] Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt;brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
2 [70:3] Go raibh náire agus ceann faoi ar an dreama bhfuil mo bheo agus m’anam uathu.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirea bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
3 [70:4] Go ngabha ar ais faoi mhearbhallan drong a deir liom: “Há, há!”
4 [70:5] Go ndéana a mbíonn do d’iarraidhríméad agus gairdeas.Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:“Moladh le Dia!”
5 [70:6] Ós dealbh dearóil mé,tar chugam, a Dhia.Is tú mo chabhair is m’fhuascailteoir,ná moilligh, a Thiarna!