Salm 72:1-20

[Salm] Sholaimh. 72  Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,agus d’fhíréantacht ar mhac an rí;  chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobalagus cothrom do dhaoine bochta.  Go n-iompraí na sléibhte síocháin don phobalagus na cnoic fíréantacht.  Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;go saora sé clann na mbocht,agus go mbrú sé lucht daorsmachta.  Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;ó aois go haois;  mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;mar cheathanna ar an talamh.  Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linnnó go meathfaidh an ghealach.  Go raibh a réim ó mhuir go muir;ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.  Titfidh a naimhde ina láthair;lífidh siad an luaithreach. 10  Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,ag triall air le tabhartais.Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seababronntanais chuige. 11  Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;déanfaidh gach cine fónamh dó. 12  Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;agus an donán gan chúnamh. 13  Beidh trua aige don lag is don bhocht,agus sábhálfaidh an duine dealbh. 14  Saorfaidh sé a n-anam ón bhfeall is ón bhforéigean;óir is luachmhar leis a bhfuil. 15  Go maire sé i bhfadis go mbronntar air ór na hAráibe.Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;á bheannachadh ar feadh an lae. 16  Go raibh flúirse arbhair sa tírgo mullach na sléibhte.Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáinagus lucht na gcathracha faoi bhláthmar fhéar ar an talamh. 17  Go moltar a ainm go brách,fad a bheidh an ghrian ann.Is tríd a bheannófar gach treibh;beidh gach cine á mholadh. 18  Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,an tAon amháin a dhéanann éachtaí. 19  Go moltar a ainm glórmhar go brách;go líona a ghlóir an talamh.Amen! Amen! 20  Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.

Fonótaí