CAIBIDIL A SÉ
Cá dTéann Muid Nuair a Fhaigheann Muid Bás?
1-3. Cé na ceisteanna a chuirtear faoin mbás, agus cé na freagraí a thugann reiligiúin orthu?
GEALLANN an Bíobla go dtiocfaidh an lá nach mbeidh “an bás ann feasta.” (Apacailipsis 21:4) D’fhoghlaim muid i gCaibidil 5, go dtugann an éiric an deis dúinn beatha shíoraí a bheith againn. Ach tá daoine fós ag fáil bháis. (Cóheilit 9:5) Sin é an fáth a gcuirtear an cheist: ‘Céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaigheann muid bás?’
2 Bíonn tábhacht ar leith le freagra na ceiste sin nuair a fhaigheann duine a bhfuil cion againn air bás. Sin é an uair a thosaíonn daoine ag cuimhneamh: ‘Meas tú cá bhfuil sé? An bhfuil sé ag faire orainn? An féidir leis cabhrú linn? An bhfeicfidh muid go deo arís é?’
3 Ní hiad na freagraí céanna a thugann gach reiligiún ar na ceisteanna sin. Múineann cuid de na reiligiúin go dtiocfaidh an duine maith go dtí na flaithis agus an drochdhuine go hifreann. Deir cuid eile go leanfaidh d’anam air ag maireachtáil agus go mbeidh tú i gcuideachta do dhaoine muinteartha atá básaithe cheana. Múineann cuid eile fós go saolófar arís tú i gcorp eile mar dhuine nó mar ainmhí.
4. Cén teagasc bunúsach a mhúineann reiligiúin faoin mbás?
4 Is cosúil nach é an rud céanna a mhúineann gach reiligiún. Ach múineann beagnach gach ceann acu teagasc bunúsach amháin. Sé sin, go maireann páirt den duine tar éis a bháis. An bhfuil sé sin fíor?
CÁ dTÉANN MUID NUAIR A FHAIGHEANN MUID BÁS?
5, 6. Céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaigheann muid bás?
5 Tá a fhios ag Iehova céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaigheann muid bás, agus tá sé tugtha le fios aige gurb é an bás deireadh na beatha. Mar sin, nuair a fhaigheann duine bás ní leanann a chuid mothúcháin agus a mheabhair orthu ag maireachtáil in áit éigean eile. * Nuair a fhaigheann muid bás níl muid in ann feiceáil, ná cloisteáil, ná smaoineamh níos mó.
6 Scríobh an Rí Solamh: “Níl eolas dá laghad ag na mairbh.” Ní féidir leis na mairbh grá ná fuath a thabhairt, agus “níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól [nó, san Uaigh *].” (Léigh Cóheilit 9:5, 6, 10.) Agus de réir Salm 146:4, nuair a fhaigheann duine bás, “téann a bhearta ar ceal an uair sin.”
CÉARD A DÚIRT ÍOSA FAOIN mBÁS?
7. Céard a dúirt Íosa faoin mbás?
7 Nuair a fuair a chara Lazaras bás, dúirt Íosa lena dheisceabail: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh.” Ach ní ag rá go raibh Lazaras ag tógáil scíth a bhí Íosa. Dúirt sé ina dhiaidh sin: “Tá Lazaras marbh.” (Eoin 11:11-14) Mar sin, bhí Íosa ag rá go raibh an bás ar nós codladh. Ní dúirt sé go raibh Lazaras sna flaithis nó in éineacht lena dhaoine muinteartha a bhí básaithe roimhe. Ní dúirt sé, ach an oiread, go raibh Lazaras ag fulaingt in ifreann ná saolaithe arís mar dhuine eile nó mar ainmhí. Bhí Lazaras mar a bheadh sé ina chodladh. Cuireann scrioptúir eile an bás i gcosúlacht le codladh freisin.—Salm 13:4 (13:3 i mBíoblaí eile); 2 Peadar 3:4.
8. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nár chruthaigh Dia an duine chun bás a fháil?
8 Ar chruthaigh Dia Ádhamh agus Éabha le go bhfaighidís bás? Níor chruthaigh! Chruthaigh sé iad le taitneamh a bhaint as an saol go deo, i dtogha na sláinte. Nuair a chruthaigh Dia an duine, chuir sé an mhian ina chroí maireachtáil go deo. Níl tuismitheoir ar bith ag iarraidh seanaois agus bás dá bpáistí, agus níl Iehova á iarraidh dúinne ach an oiread. Ach má chruthaigh Dia muid chun maireachtáil go deo, cén fáth a bhfaigheann muid bás?
CÉN FÁTH A bhFAIGHEANN MUID BÁS?
9. Cén fáth nach raibh an t-ordú a thug Iehova d’Ádhamh agus d’Éabha deacair a chomhlíonadh?
9 Dúirt Iehova le hÁdhamh i ngairdín Éidin: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín, ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.” (Geineasas 2:9, 16, 17) Bhí an t-ordú sin an-soiléir agus ní raibh sé deacair é a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, bhí Iehova i dteideal a rá le hÁdhamh agus le hÉabha céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart. Trí a bheith umhal, léireoidís go raibh ómós acu don údarás atá ag Iehova mar an Té is Airde. Léireoidís freisin a mbuíochas as an méid a thug sé dóibh.
10, 11. (a) Cén chaoi ar chuir Sátan an dallamullóg ar Ádhamh agus ar Éabha? (b) Cén fáth nach bhfuil aon leithscéal ann don rud a rinne Ádhamh agus Éabha?
10 Faraor, níor chloígh Ádhamh agus Éabha leis an ordú sin. Dúirt Sátan le hÉabha: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?” D’fhreagair Éabha: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus ná bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás.’”—Geineasas 3:1-3.
11 Ansin dúirt Sátan: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.” (Geineasas 3:4-6) Bhí Sátan ag iarraidh go gceapfadh Éabha go raibh sé ar a cumas féin a rá céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart. Ag an am céanna d’inis sé bréag di faoin toradh a bheadh ar a cuid easumhlaíochta. Dúirt Sátan nach bhfaigheadh sí bás, mar sin d’ith Éabha den toradh, agus ansin thug sí cuid de dá fear céile. Bhí a fhios ag Ádhamh agus Éabha go ndúirt Iehova leo gan toradh an chrainn sin a ithe. Nuair a d’ith siad é, chuaigh siad in aghaidh ordú soiléir Dé in aon turas. Léirigh siad nach raibh aon ómós acu dá nAthair grámhar Iehova. Níl aon leithscéal ann don rud a rinne siad!
12. Cén fáth a raibh easumhlaíocht Ádhaimh agus Éabha ina ábhar díomá ag Iehova?
12 Nach mór an trua nach raibh aon mheas ag Ádhamh agus Éabha ar a gCruthaitheoir! Cén chaoi a mothódh tusa dá n-iompódh mac agus iníon i d’aghaidh tar éis duit oibriú go crua chun iad a thógáil? Nach mbrisfeadh sé do chroí?
13. Céard a bhí i gceist ag Iehova nuair a dúirt sé “ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú”?
13 Chaill Ádhamh agus Éabha an deis a bhí acu maireachtáil go deo, de bharr a gcuid easumhlaíochta. Dúirt Iehova le hÁdhamh: “Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.” (Léigh Geineasas 3:19.) Chiallaigh sé sin go ndéanfaí cré arís d’Ádhamh, ar nós nár cruthaíodh riamh é. (Geineasas 2:7) Pheacaigh Ádhamh agus ina dhiaidh sin fuair sé bás, agus ní raibh sé ann ní ba mhó.
14. Cén fáth a bhfaigheann muid bás?
14 Dá mbeadh Ádhamh agus Éabha umhal do Dhia, bheidís beo fós. Ach nuair a bhí siad easumhal, Rómhánaigh 5:12) Ach ní raibh sé i gceist ag Dia go mbeadh daoine ag fáil bháis. Tugann an Bíobla “namhaid” ar an mbás.—1 Corantaigh 15:26.
rinne siad peaca, agus in am tráth fuair siad bás. Tá an peaca ar nós galar uafásach atá faighte mar oidhreacht againne ónár gcéad sinsir. Bíonn rian an pheaca orainn nuair a shaolaítear muid agus sin é an fáth a bhfaigheann muid bás. (SAORANN AN FHÍRINNE MUID
15. Cén chaoi a saorann an fhírinne faoin mbás muid?
15 Nuair a bhíonn a fhios againn an fhírinne faoin mbás, ní bhíonn aon imní orainn faoi na mairbh. Múineann an Bíobla nach bhfuil pian ná brón ar na mairbh. Ní féidir linne labhairt leo, agus ní féidir leosan labhairt linn. Ní féidir linne cabhrú leis na mairbh, agus ní féidir leis na mairbh cabhrú linn. Ní féidir leo dochar a dhéanamh dúinn, mar sin ní gá dúinn faitíos a bheith orainn rompu. Múineann go leor reiligiúin áfach, go bhfuil na mairbh beo in áit éigin agus gur féidir linn cabhrú leo, má thugann muid airgead do shagairt nó dá leithéid. Ach nuair a bhíonn a fhios againn an fhírinne faoin mbás, ní chuireann na bréaga sin an dallamullóg orainn.
16. Cén bhréag a mhúineann go leor reiligiúin faoi na mairbh?
16 Úsáideann Sátan reiligiúin bhréagacha chun bréaga a mhúineadh agus chun a chur ina luí orainn go bhfuil na mairbh beo i gcónaí. Mar shampla, múineann cuid de na reiligiúin go leanann páirt dínn air ag maireachtáil in áit éigin eile tar éis ár mbáis. An múineann do reiligiúnsa é sin, nó an múineann sé an méid atá ráite sa mBíobla faoi na mairbh? Is é aidhm Shátain daoine a iompú ó Iehova lena chuid bréaga.
17. Cén fáth ar masla d’Iehova é an teagasc go dtéann drochdhaoine go hifreann?
17 Is uafásach na rudaí a mhúineann cuid de na ag dó go deo in ifreann. Maslaíonn sé sin Iehova. Ní cheadódh sé choíche do dhaoine fulaingt ar an gcaoi sin! (Léigh 1 Eoin 4:8.) Céard a cheapfá de dhuine a sháfadh lámh a pháiste sa tine mar phionós air? Cheapfá gur duine an-chruálach é. Bheadh drochmheas agat air. Ar an gcaoi chéanna, tá Sátan ag iarraidh go mbeadh drochmheas againne ar Iehova!
reiligiúin. Mar shampla, múineann cuid acu go mbeidh drochdhaoine18. Cén fáth nár cheart dúinn faitíos a bheith orainn roimh na mairbh?
18 Múineann cuid de na reiligiúin go maireann an duine mar spiorad tar éis a bháis. Múineann siad go gcaithfidh muid meas a bheith againn ar na spioraid sin agus fiú faitíos a bheith orainn rompu mar gur féidir leo a bheith mar chairde cumhachtacha againn, nó mar dhrochnaimhde. Creideann a lán daoine an bhréag sin. Bíonn faitíos orthu roimh na mairbh, mar sin bíonn cuid de na daoine ag adhradh na mairbh, agus bíonn deasghnátha ag cuid eile acu in ómós do na mairbh. Cuimhnigh nach bhfuil mothú ar bith sna mairbh, mar sin ní gá dúinn faitíos ar bith a bheith orainn rompu. Is é Iehova ár gCruthaitheoir. Is é an Fíor-Dhia é, agus is é amháin is ceart dúinn a adhradh.—Apacailipsis 4:11.
19. Cén chaoi a gcabhraíonn an fhírinne faoin mbás linn?
19 Saorann an fhírinne faoin mbás muid ó ghreim na mbréag. Cabhraíonn an fhírinne seo linn freisin na gealltanais iontacha atá tugtha ag Iehova faoin todhchaí a thuiscint.
20. Céard a fhoghlaimeoidh muid sa gcéad chaibidil eile?
20 An féidir leis na mairbh maireachtáil arís? Tá freagra iontach tugtha ag Dia sa mBíobla. Gheobhaidh muid amach céard é féin sa gcéad chaibidil eile.
^ Alt 5 Ceapann daoine go leanann anam nó spiorad air ag maireachtáil nuair a fhaigheann duine bás. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Aguisín 17 agus 18.
^ Alt 6 Féach Aguisín 19.