Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 8

Nuair a Tharlaíonn Tragóid

Nuair a Tharlaíonn Tragóid

“Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál.”—1 Peadar 1:6

Cé go ndéanann tú do dhícheall pósadh agus teaghlach sona a bheith agat, is féidir le rudaí a theacht aniar aduaidh ort agus tú a chur de dhroim seoil. (Cóheilit 9:11) Cabhraíonn Dia linn go grámhar nuair atáimid i gcruachás. Má chuireann tú na prionsabail scrioptúrtha seo a leanas i bhfeidhm, beidh tusa agus do theaghlach in ann déileáil le cruatan an tsaoil.

1 BÍODH MUINÍN AGAT AS IEHOVA

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.” (1 Peadar 5:7) Cuimhnigh nach é Dia is ciontaí le do thrialacha. (Séamas 1:13) Má theannann tú isteach le Dia beidh sé ina chrann taca agat. (Íseáia 41:10) “Doirtigí amach ina láthair a mbíonn ar bhur gcroí.”—Salm 62:8, An tSaltair le Cosslett Ó Cuinn.

Bainfidh tú sólás as a bheith ag léamh agus ag staidéar do Bhíobla gach lá. Dá thoradh sin beidh léargas agat ar an gcaoi a dtugann Iehova “sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn.” (2 Corantaigh 1:3, 4; Rómhánaigh 15:4) Geallann sé go dtabharfaidh sé duit “síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceanna.”—Filipigh 4:6, 7, 13.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Guigh chuig Iehova agus iarr cabhair air le d’intinn a choinneáil suaimhneach agus soiléir

  • Déan athbhreithniú ar na roghanna atá agat agus roghnaigh an cúrsa is fearr duitse

2 TABHAIR AIRE DUIT FÉIN AGUS DO DO THEAGHLACH

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “Faigheann an aigne éirimiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.” (Seanfhocail 18:15) Faigh na fíricí go léir. Faigh amach céard iad riachtanais gach duine de do theaghlach. Labhair leo. Tabhair cluas éisteachta dóibh.—Seanfhocail 20:5.

Cén chaoi a mbeidh sé más rud é go bhfaigheann duine a bhfuil cion agat orthu bás? Ná bíodh faitíos ort do chuid mothúcháin a chur in iúl. Cuimhnigh gur “bhris a ghol ar Íosa.” (Eoin 11:35; Cóheilit 3:4) Tá sé tábhachtach go ligfidh tú do scíth agus go bhfaighidh tú do dhóthain codlata. (Cóheilit 4:6) Cabhróidh sé seo leat déileáil le cruachás.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Sula dtarlaíonn tragóid, bíodh sé de nós agat a bheith ag labhairt go rialta le do theaghlach. Ansin nuair a bheidh fadhbanna ann beidh siad ar a gcompord ag labhairt leat

  • Labhair le daoine eile a bhí sa mbád céanna

3 FAIGH AN TACAÍOCHT ATÁ AG TEASTÁIL UAIT

AN MÉID ATÁ RÁITE SA BHÍOBLA: “[Tá cairde ann] . . . ar gaire iad ná deartháir.” (Seanfhocail 18:24) Tá do chairde ag iarraidh cabhrú leat, ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu céard is féidir leo a dhéanamh. Ná bíodh aon drogall ort insint dóibh céard go díreach atá ag teastáil uait. (Seanfhocail 12:25) Chomh maith leis sin faigh cabhair spioradálta uathu siúd a thuigeann an Bíobla. Beidh an treoir a thabharfaidh siad duit ón mBíobla in ann cabhrú leat.—Séamas 5:14.

Gheobhaidh tú an tacaíocht a theastaíonn uait nuair a bhíonn tú i gcomhluadar go rialta leo siúd a bhfuil fíor-chreideamh acu i nDia agus a bhfuil muinín acu ina chuid gealltanais. Gheobhaidh tú an-sólás freisin nuair a thugann tú cabhair dóibh siúd a dteastaíonn misniú uathu. Inis dóibh faoi do chreideamh in Iehova agus a ghealltanais. Bí cruógach ag cabhrú le daoine atá i ngátar, ná bí i d’aonarán ag imeacht asat féin i gcónaí, ach bí ag coinneáil comhluadair leo siúd a bhfuil grá agus cion acu ort.—Seanfhocail 18:1; 1 Corantaigh 15:58.

AN RUD IS FÉIDIR LEAT A DHÉANAMH:

  • Labhair le dlúthchara agus glac lena chúnamh

  • Bí cruinn agus ionraic maidir le do chuid riachtanais