CEACHT 23
Cén Chaoi a Scríobhtar Agus a nAistrítear Ár bhFoilseacháin?
Cuireann muid foilseacháin ar fáil i mbreis agus 750 teanga chun ár ndícheall a dhéanamh an “dea-scéala” a fhógairt “dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.” (Apacailipsis 14:6) Cén chaoi a sáraíonn muid an dúshlán sin? Sáraíonn muid é le cúnamh ó fhoireann scríbhneoirí idirnáisiúnta agus grúpaí d’aistritheoirí dúthrachtacha—Finnéithe Iehova iad go léir.
Réitítear an buntéacs i mBéarla. Tá obair Roinn na Scríbhneoireachta faoi chúram an Bhoird Stiúrtha ag ár gceanncheathrú dhomhanda. Eagraíonn an roinn seo obair na scríbhneoirí a oibríonn ag an gceanncheathrú agus ag cuid de na craobh-oifigí. De bhrí go bhfuil foireann scríbhneoirí idirnáisiúnta againn, tá muid in ann ábhair ilchultúrtha a phlé, rud a mheallann léitheoirí ó cheann ceann na cruinne.
Seoltar an téacs go dtí na haistritheoirí. Tar éis an téacs a chur in eagar agus a cheadú, seoltar go leictreonach é chuig foirne d’aistritheoirí ar fud an domhain, a aistríonn, a sheiceálann agus a phrofálann é. Déanann siad dianiarracht na focail chearta a roghnú chun brí an Bhéarla a thabhairt leo “le barr cruinnis.”—Cóheilit 12:10.
Cuireann ríomhairí dlús leis an bpróiseas. Ní féidir le ríomhaire obair an scríbhneora ná an aistritheora a dhéanamh. Ach is féidir leis dlús a chur leis an obair, trí na foclóirí, na huirlisí teanga, agus na hábhair taighde atá ar fáil go leictreonach. Tá córas ríomhaireachta deartha ag Finnéithe Iehova—Multilanguage Electronic Publishing System (MEPS). Is féidir téacs a chur isteach sa gcóras seo sna céadta teanga, obair ealaíne a chur leis, agus é a réiteach le priontáil.
Cén fáth a gcuireann muid an stró sin orainn féin, fiú ar son teangacha nach bhfuil á labhairt ach ag cúpla míle duine? Mar is é toil Iehova é go “slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.”—1 Tiomóid 2:3, 4.
-
Cé na cúraimí atá ar an Roinn Scríbhneoireachta?
-
Cén fáth a n-aistríonn muid ár bhfoilseacháin go dtí an oiread sin teangacha?