An Bhfuil Gach Reiligiún Mar a Chéile? An dTreoraíonn Siad Uile Chun Dé Muid?
Freagraíonn an Bíobla
Níl gach reiligiún mar a chéile. Tá go leor samplaí sa mBíobla de reiligiúin bhréagacha nach bhfuil aon ghlacadh ag Dia leo. Mar sin tá dhá chineál reiligiún ann.
An Chéad Chineál: Ag adhradh déithe bréige
Cuireann an Bíobla síos ar adhradh dhéithe bréige i bhfoclaíocht ar nós “díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.” (Irimia 10:3-5; 16:19, 20) D’ordaigh Iehova a Dia do na hIosraeilítigh: “Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.” (Eaxodus 20:3, 23; 23:24) Nuair a bhí na hIosraeilítigh ag adhradh déithe eile “las fraoch feirge an Tiarna ina n-aghaidh.”—Uimhreacha 25:3; Léivític 20:2; Breithiúna 2:13, 14.
Tá an dearcadh céanna ag Dia fós faoina bheith ag adhradh “déithe mar dhea.” (1 Corantaigh 8:5, 6; Galataigh 4:8) Ordaíonn sé dóibh siúd ar mian leo é a adhradh gan a bheith ag coinneáil comhluadair leo siúd atá ag cleachtadh reiligiún bréagach ag rá: “Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo.” (2 Corantaigh 6:14-17) Cén fáth go dtabharfadh Dia an t-ordú sin, má tá gach reiligiún mar a chéile agus ag treorú daoine chun Dé?
An Dara Cineál: Ag adhradh an Fhíor-Dhia ar bhealach nach bhfuil glacadh aige leis
Bhíodh na hIosraeilítigh ag úsáid cleachtais creideamh, a bhí bunaithe ar dhéithe bréige uaireanta, ach ní raibh aon ghlacadh ag Iehova le bheith ag meascadh fíor-reiligiún le reiligiún bréagach. (Eaxodus 32:8; Deotranaimí 12:2-4) Cháin Íosa ceannairí reiligiúnacha na chéad aoise de bhrí nach raibh siad ag adhradh Iehova mar ba cheart. Bhí siad ag cur i gcéill go raibh siad diaganta, ach fós le teann bréagchráifeachta, rinne siad “faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht.”—Matha 23:23.
Mar a chéile sa lá atá inniu ann, is é an reiligiún atá bunaithe ar an bhfírinne a threoraíonn daoine chun Dé. Tá an fhírinne le fáil sa mBíobla. (Eoin 4:24; 17:17; 2 Tiomóid 3:16, 17) Iompaíonn reiligiúin nach bhfuil a dteagasca bunaithe ar an mBíobla daoine in aghaidh Dé. Tá go leor de na rudaí a mhúintear—ar nós na Tríonóide, go maireann an t-anam go deo, agus ifreann—bunaithe ar adhradh déithe bréige, ach ceaptar gur teagasca ón mBíobla iad. Tá aon adhradh a mhúineann rudaí mar sin “díomhaoin,” nó gan tairbhe, mar cuireann siad traidisiúin reiligiúnacha chun cinn in ionad riachtanais Dé.—Marcas 7:7, 8.
Is fuath le Dia an cur i gcéill sin. (Títeas 1:16) Chun cabhrú le duine teannadh isteach le hIehova, caithfidh tionchar a bheith ag a reiligiún ar a shaol laethúil. Tá níos mó i gceist leis ná nósanna agus deasghnátha. Mar shampla, deir an Bíobla: “An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh. Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.” (Séamas 1:26, 27)
a Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sa mBíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.)